Naíonra Éanna

Osclaíodh Naíonra Éanna i nGaelscoil Éanna i Meán Fómhair 2003, agus é mar aidhm leis deis a thabhairt do pháistí ó 2 bhliain 8 mí – 5 bliana an Ghaeilge a shealbhú ar an mbealach is nádúrtha agus is féidir, agus ag an am céanna a scileanna réamhscoile a fhorbairt trí shúgradh.
Roghnaítear na gníomhaíochtaí, na cluichí, na scéalta agus na bréagáin sa Naíonra go cúramach chun oiread deiseanna agus is féidir a chruthú do na páistí foghlaim, agus iad ag súgradh agus ag spraoi.
Cuirimid curaclam bunaithe ar shúgradh i bhfeidhm laistigh de threoirlínte Aistear – Creatchuraclam na Luath-Óige.

Tá dhá phríomhchuspóir ag Naíonra Éanna:
• cuidiú leis an bpáiste forbairt ar gach slí
• cuidiú leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú nó ac(h)uid eolais ar an nGaeilge a fheabhsú trí í a úsáid mar mheán cumarsáide

Sa naíonra, ní chuirtear aon bhrú ar aon pháiste Gaeilge a labhairt. Is é an smaoineamh ná go sealbhóidh an páiste an dara teanga seo sa tslí ina bhfuair sé/sí an chéad teanga – trí éisteacht, tuiscint, focail agus struchtúir a aonrú agus, ar deireadh thiar, focail, frásaí agus abairtí a úsáid.
Seachas na buntáistí ginearálta a bhaineann le réamhscolaíocht mhaith, tá buntáistí breise le baint as leanbh a chur i láthair an dara teanga ag an leibhéal seo. Tá an páiste réamhscoile gafa go gníomhach cheana féin i bhfoghlaim na teanga agus cuireann an naíonra suíomh iontach ar fáil chuige sin. Tá na gníomhaíochtaí agus an teanga a bhaineann leo bunaithe ar threalamh; tá focail a úsáideann an Múinteoir féinmhínitheach óna gcomhthéacsanna nó is féidir iad a nascadh le gníomhartha agus le himeachtaí.  Bíonn neart deiseanna ag gach páiste labhairt agus labhairt leis an Múinteoir.
Seo a leanas cuid de na réimsí ina bhforbraíonn na páistí sa Naíonra:
Teanga, ealaín, eolaíocht agus dúlra, tógáil, scileanna réamh-mata, ceol, gníomhaíocht choirp agus scileanna sóisialta
Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh do pháiste chuig an Naíonra agus féachaint orthu ag fás, ag forbairt agus ag sealbhú teanga nua, agus iad ag déanamh cairde nua, ag súgradh agus ag spraoi!

 Naíonra Éanna opened in Gaelscoil Éanna in September 2003, with the aim of giving children from 2 years 8 months – 5 years the opportunity to acquire the Irish language in the most natural way possible, while also developing their preschool skills through play.The activities, games, stories and toys in the Naíonra have been carefully chosen to create as many opportunities as possible for the children to learn, all the while playing and having fun. We implement a play-based curriculum within the guidelines of Aistear-The Early Childhood Curriculum Framework.

Naíonra Éanna has two main objectives:
• to help the child to develop in every way
• to help the child acquire Irish or to improve his/her knowledge of Irish by using it as the means of communication.
In the naíonra, no pressure is put on any child to speak Irish. The idea is that the child will acquire this second language in the way in which he/she acquired the first – by listening, understanding, isolating words and structures and, eventually producing words, phrases and sentences.
Apart from the general advantages of good pre-schooling, there are additional benefits to be gained from exposing a child to a second language at this level. The pre-school child is already actively involved in language learning and the naíonra presents an ideal situation for that purpose. The activities and the language associated with them, are based on real toys and equipment; words used by the Múinteoir are self-explanatory from their contexts or can be linked to actions and recurring events. Every child has plenty of opportunity to talk and speak with the Múinteoir.
The following are some of the areas in which the children develop in the Naíonra:
Language, art, science and nature, construction,pre maths skills, music, physical activity and social skills 
We look forward to welcoming your child to the Naíonra and watching them grow, develop and acquire a new language, while they make new friends, play and have fun!